There were 1,282 press releases posted in the last 24 hours and 404,570 in the last 365 days.

Ráiteas ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le Bithicidí

Sa bhreis ar ráiteas na Roinne an 23 Deireadh Fómhair 2020 tá sé curtha i gcuimhne ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do dhaoine nach féidir ach táirigí atá ar liosta Chlár Táirgí Bithicíde na Roinne a chur ar an margadh in Éirinn. Ní mór PCS nó uimhir IE/BPA nó AE atá le feiceáil go soiléir a bheith ar an lipéad atá ar gach táirge díobh seo. Tá níos mó ná 450 táirge díghalraithe lámh liostaithe ar an gclár de tháirgí atá ceadaithe. Tá an Roinn i mbun plé le Ranna eile, lena n-áirítear an HSE agus an Roinn Oideachais, chun a chinntiú gur táirgí díghalraithe a chuimsítear ar an gclár amháin atá in úsáid ar fud na seirbhíse poiblí.

 

Tá ceanglas dlí ar sholáthróirí táirgí bithicíde a chinntiú go bhfuil a gcuid táirgí sábháilte agus éifeachtach. Is léir anois go bhfuil roinnt táirgí ar an margadh nach bhfuil cláraithe i gceart. Sa chás go dtagann saincheisteanna maidir le clárú chun cinn, tá beart cuí á ghlacadh ag an Roinn, ar bhonn réamhchúraim. Faoi réir cloí leis na gnáthtreoirlínte sábháilteachta maidir le táirgí den chineál sin, agus seachas táirgí sa réimse Virapro, a bhí faoi réir aistarraingthe cheana, níl fáth ar bith go dtiocfadh imní ar leith chun cinn maidir le sábháilteacht nó éifeachtúlacht de bhar nár cláraíodh táirge.

Dá bharr sin, ní theastaíonn ón Roinn go ndéanfadh an pobal táirgí atá acu cheana a dhiúscairt. Moltar do dhaoine, áfach, a chinntiú go bhfuil ceann de na huimhreacha thuasluaite ar tháirge ar bith a cheannaíonn siad as seo amach. Tá an Roinn ag leanúint den tástáil a dhéantar ar tháirgí ar an margadh a mhéadú ar mhaithe le hathdhearbhú a thabhairt maidir le comhlíontacht le sonraíochtaí táirgí ceadaithe.  Éilítear ar sholáthraithe táirgí nach bhfuil cláraithe i gceart táirgí a bhaint den mhargadh nó go mbeidh clárú tugtha chun rialtachta agus an táirge lipéadaithe arís.

 

 

Is féidir leis an bPobal atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ríomhphost a sheoladh chuig an roinn ag HandSanitisers@agriculture.gov.ie

 

CRÍOCH

Date Released: 29 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.