Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh rannpháirtíocht dhearfach ag Fóram Páirtithe Leasmhara TB
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cruinniú den Fhóram TB a ghairm inniu, Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair, a reáchtáladh ar fhíschomhdháil. Bhí an tAire Martin Heydon, T.D. é féin ag an gcruinniú agus rinne Michael Cronin cathaoirleacht air.
Tugtar na príomhpháirtithe leasmhara le chéile leis an bhFóram Páirtithe Leasmhara TB, chun an cuspóir leibhéil bólachta TB a ísliú a bhaint amach. Ghlac an tAire buíochas le comhaltaí de chuid an Fhóraim as a dtiomantas go dtí seo tograí a fhorbairt atá ag teacht le huaillmhian an díothaithe.
Is éard a dúirt sé ag tagairt dó faoin rannpháirtíocht dhearfach, "Tá sé tábhachtach go mbeadh páirtithe leasmhara ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil galair atá ag ardú. Toisc go bhfuil TB sa tréad Náisiúnta, cé gur ag leibhéal fíoríseal ar fad atá sé, beidh costais shuntasacha i gceist leis d'fheirmeoirí agus do cháiníocóirí. Cuireann sé tuilleadh leis an gcastacht a bhaineann le cúrsaí riaracháin agus le maorlathas agus is mór an míbhuntáiste a bhaineann leis maidir le sonraíochtaí deimhniúcháin a shásamh ag margaí onnmhairithe. Más mian linn an t-ualach atá ar fheirmeoirí a laghdú, ní mór go mbeadh sé mar chuspóir againn an galar seo a dhíothú. D'éirigh linn stádas Saor ó Bhruisealóis a bhaint amach trí ghníomh cinniúnach a ghlacadh agus trí bheith ag obair as lámh a chéile. Ní bheidh sé éasca, ach táimid ábalta an beart céanna a bhaint amach maidir le TB chomh fada agus go bhfuilimid sásta a bheith ag obair as lámh a chéile agus na céimeanna ar gá a ghlacadh a ghlacadh.
Thug an tAire McConalogue moladh mór d'iarrachtaí na bhfeirmeoirí agus na gcomhlachtaí feirme agus a Roinne roimhe seo, a thug an TB chuig an leibhéal is ísle riamh sa tír. Ag tagairt d'arduithe le déanaí ar chásanna TB, dúirt an tAire, "Bhí gá láithreach lena dhá oiread iarracht a dhéanamh le líon na gcásanna den ghalar a thabhairt anuas.
Tar éis an chruinnithe labhair an tAire Heydon faoin tionchar suntasach is féidir le srian TB a bheith aige ag leibhéal na feirme, "Tuigimse an tionchar is féidir le ráig TB a bheith aici ar theaghlach feirme. Is é sin an t-údar nach mór dúinn gach is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh chun go mbeimid ábalta an galar seo a smachtú agus deireadh a chur leis. Dá réir sin, tá sé tábhachtach go gcoinneoimis an dearcadh dearfach ó chruinniú an lae inniu agus go gcomhaontóimis bealach coiteann chun cinn maidir leis an mbealach is fearr le leibhéil TB a laghdú.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue go raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh an Fóram le chéile arís chomh luath agus is féidir, agus mhachnaigh sé ar an tábhacht atá le bealach chun cinn a leagan amach le fuinneamh athnuaite agus le práinn. "Tugadh gealltanas i gClár an Rialtais straitéis díothaithe TB a fhorbairt. Beidh mé ag roinnt na dréacht-cáipéise le páirtithe leasmhara faoi cheann cúpla seachtain, agus tabharfaidh cuireadh do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur ar aghaidh i scríbhinn nó trí chruinnithe déthaobhacha le mo chuid oifigeach. Nuair a bheidh an próiseas sin tugtha chun críche, iarrfaidh mé ar an gCathaoirleach cruinniú eile den Fhóram Páirtithe Leasmhara TB a thionól i mí na Samhna d'fhonn an bealach chun cinn a chomhaontú."
CRÍOCH
Date Released: 01 October 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.