An ceathrú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola oscailte ag an Aire McConalogue
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. an ceathrú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola inniu, a reáchtáladh ar fhíschomhdháil.
Bunaíodh an Tascfhórsa Mairteola de bhun chomhaontú an 15 Meán Fómhair 2019 agus tá sé de chúram air monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha faoin gcomhaontú.
Ghabh an tAire McConalogue buíochas le baill an Tascfhórsa Mairteola as a gcuid oibre le bliain anuas. Thug an tAire na deacrachtaí a d'fhéadfadh an phaindéim Covid-19 a chruthú san earnáil, chomh maith leis an mbaol mór atá ann go dtarlódh Breatimeacht gan Mhargadh le fios, agus tá an Rialtas ag obair go dian len é a sheachaint.
Dúirt sé “Tá rannpháirtíocht chuiditheach agus fhiúntach i measc an ghrúpa seo bunriachtanach chun an earnáil a choinneáil ag imeacht sa tréimhse dheacair seo, agus an earnáil a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe a chuireann luach breise le gach céim den slabhra soláthair, go háirithe don phríomhtháirgeoir.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue “Creidim gur féidir linn teacht le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin ar fad atá romhainn. Tá mé ag súil le rannpháirtíocht láidir leanúnach ón ngrúpa seo a fheiceáil de réir mar a théann a gcuid oibre ar aghaidh.”
San áireamh ar an gclár oibre don cheathrú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola faoi chathaoirleacht Michael Dowling, bhí an dréacht-iarratas ar stádas PGI do mhairteoil féar-chothaithe na hÉireann; agus an dul chun cinn atá déanta ar na staidéir ar thrédhearcacht an mhargaidh a bhfuil Grant Thornton ina mbun don Tascfhórsa. Cuireadh baill ar an eolas faoi staid an mhargaidh mar atá faoi láthair agus ar ról Eagraíochtaí Táirgeoirí Mairteola san earnáil.
Déanfar na miontuairiscí a comhaontaíodh agus na cáipéisí cuí leis an eolas is déanaí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an DAFM chomh luath agus atá siad ar fáil: https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beeftaskforce/
CRÍOCH
Date Released: 23 September 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
![](https://www.einpresswire.com/tracking/article.gif?t=2&a=KH5eF21uIGEQ9C9x&i=mgP1bh0xW44EYmgB)