There were 85 press releases posted in the last 24 hours and 404,509 in the last 365 days.

Comhchomhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Creed faoi Rialachán AE maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed comhchomhairliúchán poiblí inniu faoi Rialachán AE 2019/06 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta. Leagtar amach sa Rialachán na rialacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíol, a mhonarú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a sholáthar, a dháileadh, a rialú agus a úsáid agus beidh na rialacha sin i bhfeidhm san Aontas Eorpach ón 28 Eanáir 2022.

 

Déanfaidh an comhchomhairliúchán poiblí a seoladh inniu chomh maith leis na haighneachtaí a dhéanfar ina dhiaidh eolas, go páirteach, don reachtaíocht atá de dhíth chun an Rialachán a chur i bhfeidhm in Éirinn. Is féidir an comhchomhairliúchán, a bheidh oscailte go dtí 5pm Dé Céadaoin an 22 Iúil, a fháil ar leathanach gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

 

Dúirt an tAire Creed, "Is éard is aidhm leis an Rialachán seo ná reachtaíocht a nuachóiriú, na táirgí íocshláinte tréidliachta atá ar fáil a mhéadú, agus freagra an AE le haghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a neartú. Tá mo Roinnse ag dul i mbun rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara le cúpla mí anuas maidir le réimsí ina bhfuil spéis ar leith ag baint leo agus leanfar de seo chun a chinntiú go nglacfaimid cuntas ar na dearcthaí ar fad ar fud na hearnála."

 

Ina theannta sin, dúirt an tAire Creed, "Aithním an tábhacht a bhaineann le cógais tréidliachta a bheith ar fáil in Éirinn agus an mhaitheas thábhachtach a dhéanann siad do thionscal talmhaíochta fíor-ghairmiúil na hÉireann.  Tá sé tábhachtach go gcloisfeadh muid ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara maidir leis an tsaincheist seo agus, dá bhrí sin, ba mhaith liom spreagadh a thabhairt do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu ann dul i mbun rannpháirtíochta le comhchomhairliúchán na Roinne."

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Is féidir páipéar ina bhfuil cúlra agus sonraí an chomhchomhairliúcháin seo leagtha amach, lena n-áirítear cá háit ar cheart duit d'aighneacht a sheoladh, a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne arwww.agriculture.gov.ie/consultations

  

5pm Dé Céadaoin an 22ú Iúil 2020 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

Tháinig Rialachán ón AE 2019/6 maidir le Táirgí Íocshláinte Tréidliachta  i bhfeidhm in Eanáir 2019. Ach, ní bhaineann sé ach leis an tréimhse ón 28 Eanáir 2022 agus beidh sé infheidhme agus ina cheangal ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).

 

Is iad cuspóirí an Rialacháin nua ná:

 

  1. an timpeallacht rialála a shimpliú agus anró riaracháin a laghdú do chomhlachtaí cógaisíochta a mbíonn cógais tréidliachta á bhforbairt acu, trí, mar shampla, rialacha faireachais cógas sruthlíneacha;
  2. forbairt ar chógais nuálacha tréidliachta a spreagadh, lena n-áirítear táirgí do mhargaí beaga (úsáid bheag agus speicis bheaga);
  3. feidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú maidir le cógais tréidliachta;
  4. gníomhú an AE a neartú chun frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a throid trí bhearta ar leith chun úsáid cúramach agus freagrach na n-ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe a chinntiú, lena n-áirítear ábhair fhrithmhiocróbacha áirithe a chur i leataobh chun ionfhabhtaithe sa duine a chóireáil de réir cur chuige 'One Heath' ar mhaithe le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí agus ar mhaithe le gach saoránach de chuid an AE.

 

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 16 June 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.