There were 113 press releases posted in the last 24 hours and 402,101 in the last 365 days.

14 mhonarcha mairteola eile ceadaithe le dul i mbun easpórtála leis an tSín - 21 mhonarcha ar fad atá ceadaithe anois Moladh mór ar chaighdeáin na hÉireann

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD go bhfuil 14 mhonarcha mairteola breise ceadaithe ó inniu le dul i mbun easpórtála leis an tSín. Is mar thoradh ar iniúchadh a rinne an tSín ar mhonarchana mairteola an mhí seo caite é seo.

 

Dúirt an tAire Creed, tá ríméad orm go bhfuil na monarchana mairteola a ndearnadh iniúchadh orthu i mí Mheán Fómhair ceadaithe anois ag Údaráis na Síne. Níl aon iarratais eile a rinne monarchana fós le réiteach anois.

 

Dúirt sé 'is é seo an moladh is mó is féidir a bhaint amach maidir le caighdeáin sábháilteachta bia na hÉireann. Is í an tír seo an chéad tír in iarthar na hEorpa a bhfuil teacht faighte aici ar mhargadh na Síne agus is léir anois go bhfuil na caighdeáin arda agus éilitheacha atá ag údaráis na Síne á mbaint amach sna monarchana atá againn. Ba é an ní ba mhó a bhí á lorg ag an tionscal go bhféadfaí tuilleadh monarchana a cheadú d'fhonn freastal ar an éileamh níos mó ó mhargadh na Síne. Trína bheith ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe i dtionscal na feola, le Bord Bia, le hAmbasáid na hÉireann i mBéising agus le hAmbasáid na Síne i mBaile Átha Cliath, tá éirithe linn an méid sin a bhaint amach”

 

Fuair Éire cead mairteoil a onnmhairiú chuig margadh mairteola na Síne in Aibreán 2018, agus mar thoradh ar na ceaduithe is déanaí tá cead ag 21 mhonarcha mairteola a bheith ag onnmhairiú chuig an tSín. Cuirfidh sin le hacmhainn na hÉireann freastal ar an éileamh níos mó atá sa tSín ar mhairteoil atá ar ardchaighdeán, atá sábháilte agus a dhéantar a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Faoi láthair, is í an tSín an cúigiú margadh is mó atá ag Éirinn d'onnmhairí agraibhia agus tá fás suntasach tagtha ar an margadh sin le himeacht na mblianta. B'ionann na honnmhairí iomlána agraibhia in 2018 agus beagnach €800 milliún.  B'ionann líon na dtonaí mairteola a onnmhairíodh chun na Síne idir mí Eanáir agus mí Lúnasa in 2019 agus 4,651 tona, agus bhí luach iomlán €21.4 milliún i gceist leis sin.

 

 

 

Dúirt an tAire Creed ‘Táim thar a bheith sásta go mbeidh an Leas-Aire Zou ó Údarás Ginearálta Custam Dhaon-Phoblacht na Síne ag teacht go hÉirinn an tseachtain seo chugainn. Deis iontach a bheidh anseo le dul i ngleic leis an gcéad tosaíocht eile atá againn i ndáil le Margadh na Síne, is é sin teacht a bheith ag an tír seo ar an margadh Caoireola.

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí.

  • B'ionann líon iomlán onnmhairí trádála agraibhia na hÉireann chun na Síne agus beagnach €800 milliún in 2018.  Ar an iomlán, ba í an tSín an cúigiú margadh ba mhó ag Éirinn in 2019.
  • B'iad onnmhairí déiríochta agus muiceola an dá chatagóir bia ba mhó a onnmhairíodh chuig an tSín. Tá fás ag teacht freisin ar mhargadh na Síne maidir le bia mara agus le honnmhairí bia agus dí eile.
  • In 2018, b'ionann onnmhairí déiríochta agus €541 milliún, rud a chiallaíonn gurb í an tSín an tríú ceann scríbe is mó d'onnmhairí déiríochta na tíre seo.
  • Idir 2012 agus 2018, tháinig méadú ó €37 milliún (25,000 tonna) go dtí €77 milliún (58,000 tonna) ar onnmhairí muiceola chuig an tSín. Tá an tSín anois ar an dara ceann scríbe onnmhairthe is mó do mhuiceoil i ndiaidh na Ríochta Aontaithe. 
  • Tá méadú faoi cheathair tagtha ar éileamh na Síne ar fheoil le 30 bliain anuas, agus is sa tír sin a itear an ceathrú cuid de sholáthar feola an domhain. Ar an meán, is ionann an tomhaltas mairteola sa tSín agus 4kg in aghaidh an duine, i gcomparáid le tomhaltas 19kg mairteola an duine in aghaidh na bliana in Éirinn; táthar ag tuar go dtiocfaidh ardú suntasach ar éileamh na dtomhaltóirí ar mhairteoil allmhairithe den scoth, arna bhrú chun cinn ag tuilleadh uirbithe, ioncaim indiúscartha níos airde agus feasacht maidir le sláinte.

 

CRÍOCH

Date Released: 21 October 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.