Freagra tugtha ag an Aire Doyle maidir le fiosrúchán RTÉ ar Thionscal na gCon
Tá imní mhór léirithe ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D., ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le hearnáil na gcon, faoi na saincheisteanna a tugadh ar aird i bhfiosrúchán de chuid RTÉ an 26 Meitheamh 2019. Dúirt an tAire Doyle sa fhreagra: “Glacann an Roinn go han-dáiríre le haon líomhaintí maidir le rialacha i leith leasa ainmhithe a bheith á sárú agus tabharfaidh an Roinn faoi fhiosrúchán cuimsitheach ina leith agus faoi na gníomhartha forfheidhmithe is gá chun dul i ngleic le cionta dá leithéid.”
Faoin Acht nua um Rásaíocht Con, 2019, a síníodh ina dhlí an mhí seo caite, tugtar cumhachtaí breise do Bhord na gCon chun rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le hinrianaitheacht con. D'fhéadfadh an Bord rialacháin a dhéanamh a mbeadh ceanglais iontu i leith úinéirí con a chlárú, cúnna rásaíochta a chlárú agus ina gcuirfeadh úinéirí, póraitheoirí agus traenálaithe con i bhfad níos mó imeachtaí saoil in iúl ná mar a chuirtear in iúl faoi láthair i mbunachair sonraí leabhar graí agus micrishlise. Tacóidh na rialacháin le huaillmhian an Bhoird maidir le bunachar sonraí cuimsitheach nua rianaithe a chur ar bun agus a chothabháil i leith cúnna rásaíochta trína gcuirfear cumhachtaí breise ar fáil chun dul i ngleic le réimsí amhail frith-dhópáil, sláine agus smachtbhannaí.
Leag an tAire Stáit béim ar an obair mhór agus comhsheasmhach atá déanta ag an Roinn maidir le rialacha i leith leas ainmhithe a chur i bhfeidhm, lena n-airítear an t-athbhreithniú a rinneadh ar reachtaíocht i leith leas ainmhithe le 100 bliain anuas, a raibh an tAcht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 mar thoradh air. Tugadh 73 cás dlí ó cuireadh an tAcht i bhfeidhm, ar cásanna dlí iad ar éirigh leo, agus tá 30 comhad ionchúisimh á bpróiseáil faoi láthair mar gheall ar sháruithe leasa.
Ní eisíonn mo Roinnse deimhnithe chun cúnna a onnmhairiú chuig an tSín ná chuig an bPacastáin. Níor eisíodh deimhniú ar bith maidir le cúnna a onnmhairiú as Éirinn chuig ceachtar den dá thír sin ó rinneadh Aire díomsa.
Dúirt an tAire chomh maith go bhfuil an Roinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinníollacha ceadúnaithe i gcnioglanna maidir leis na cleachtais a chonacthas ar RTÉ. Déanfar na líomhaintí ar fad a scrúdú d'fhonn gníomhartha cuí a chinneadh.
CRÍOCH
Date Released: 27 June 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
