Comhairliúchán Poiblí seolta ag an Aire Creed i leith Dréachtphlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia Mara
Tá próiseas comhairliúcháin poiblí seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D, agus ag an Aire Stáit Andrew Doyle T.D., maidir le Plean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide san earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara. Is éard is oiriúnú ann ná an próiseas chun ullmhúchán a dhéanamh do na tionchair a chuireann isteach ar an aeráid, lena n-áirítear tuilte, ganntanais fodair nó stoirmeacha adhaimsire i gcuanta agus i bhforaoisí.
Dúirt an tAire Creed ag seoladh an phlean “Táim an-sásta an comhairliúchán poiblí seo a sheoladh maidir le hoiriúnú a phleanáil. Tá cur chuige comhtháite glactha againn i leith oiriúnú a phleanáil ar fud na Roinne agus tá plean aonair curtha i dtoll a chéile againn ina gclúdaítear na hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara”.
Dúirt an tAire chomh maith, cé nach mór dúinn ár gcuid astaíochtaí a laghdú, caithfimid a chinntiú go mbeidh an córas táirgthe bia láidir agus réidh le dul in oiriúint do bhaoil amach anseo a bhainfidh leis an aeráid. Is dreamanna iad feirmeoirí, úinéirí talún agus iascairí a bheidh ag dul i ngleic leis na tionchair a bhaineann le haeráid atá ag athrú ina gcuid gníomhaíochtaí laethúla. Ach ní fadhb don bhuntáirgeoir amháin an t-athrú aeráide; ní mór do gach duine sa slabhra soláthair é a thabhairt san áireamh. Ní hamháin go mbeidh tionchar ag athruithe san aeráid anseo sa mbaile ar chúrsaí talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara na hÉireann, ach beidh tionchar le brath freisin mar gheall ar an athrú aeráide ar fud an domhain”.
Dúirt an tAire Doyle ag an seoladh “Seoladh an plean uile-Rialtais an tseachtain seo caite inar díríodh ar mhéid na n-astaíochtaí is cúis le hathrú aeráide a mhaolú nó a laghdú. Tá an Plean seo mar chuid den chéad chéim eile chun pleanáil a dhéanamh don athrú aeráide. Chun go n-éireoidh linn dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, ní mór dúinn oibriú le chéile agus na cinntí cearta a dhéanamh. Beidh dúshláin ann ach beidh deiseanna ann freisin”.
Léirítear líon cás-staidéar sa Dréachtphlean Oiriúnaithe ina n-aithnítear bealaí a bhfuil athruithe i bpatrúin aimsire ag dul i bhfeidhm ar an earnáil go dtí seo agus mar a rachaidh na patrúin sin i bhfeidhm ar an earnáil amach anseo chomh maith leis na céimeanna atá le glacadh i dtreo seasmhacht a fhorbairt.
Ba chóir aiseolas agus moltaí maidir leis an bPlean agus ar mar is féidir leis an Roinn agus an earnáil ullmhúcháin a dhéanamh le bheith ag oibriú in aeráid atá ag athrú a chur ar aghaidh roimh an dáta deiridh an 16 Lúnasa.
Nóta d'Eagarthóirí:
Foilsíodh an chéad Chreat Náisiúnta Reachtúil um Ghníomhaíocht Oiriúnúcháin (NAF) de chuid na hÉireann in 2018. Leagtar amach an straitéis náisiúnta san NAF chun leochaileacht na tíre i leith na ndrochthionchar a bhaineann le hathrú aeráide a laghdú agus leas a bhaint as aon tionchair dhearfacha a bheadh ann. Forbraíodh an NAF faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015.
Aithníodh dhá earnáil déag bharrthábhachtacha san NAF ina bhfuil riachtanas maidir le pleananna oiriúnaithe earnála a ullmhú. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara freagrach as trí cinn de na hearnálacha a aithníodh – Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara.
In 2018, d'fhoilsigh an Roinn doiciméad neamhreachtúil maidir le hoiriúnú a phleanáil dar teideal, Oiriúnú a Phleanáil – Seasmhacht in aghaidh Athrú Aeráide a Fhorbairt san Earnáil Talmhaíochta agus Foraoiseachta in Éirinn. Is tríd an obair ar tugadh fúithi chun an doiciméad sin a fhorbairt a cuireadh bonn ar fáil chun an Plean reatha a fhorbairt.
Is í an phríomhdhifríocht an uair seo ná go bhfuil an earnáil bia mara curtha san áireamh mar chuid den Phlean, agus dá bhrí sin, is cur chuige don Roinn ar fad a ghlacfar maidir le hoiriúnú a phleanáil.
Is é an Cuspóir Foriomlán maidir le hOiriúnú atá ina chuid den Phlean reachtúil seo ná seasmhacht in aghaidh tionchair ó athrú aeráide agus ó eachtraí a bhaineann le cúrsaí aimsire a fhorbairt sna hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara, chun aon drochthionchair a laghdú más féidir, chun leas a bhaint as aon deiseanna atá ann agus chun cur le Ráiteas Straitéise maidir le Cuspóirí na Roinne a bhaint amach.
Áirítear trí chás-staidéar déag sa Phlean chun léiriú a thabhairt ar roinnt samplaí cearta ar an tionchar a bheidh ag réamh-mheastacháin maidir le hathrú aeráide amach anseo ar an earnáil agus ar na céimeanna atá le glacadh chun seasmhacht a fhorbairt chun dul i ngleic leis na tionchair sin. Trí chéimeanna a ghlacadh chun neamhchosantacht ar inathraitheacht aeráide san am i láthair a laghdú, beimid in ann eolas a chur ar fáil do riachtanais a bheidh ann amach anseo maidir le hathrú aeráide agus seasmhacht a mhéadú.
Comhairliúcháin:
Tá an comhairliúchán seo ina chuid de shraith comhairliúchán mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt.
Beidh an comhairliúchán ar siúl ar feadh seacht seachtaine – is é an 16 Lúnasa 2019 an dáta deiridh.
Cuireadh ceistneoir i dtoll a chéile d'fhonn cuidiú le freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán.
Cuirfear fáilte roimh na tuairimí ar fad agus cuirfear san áireamh iad nuair a dhéanfar an Plean Oiriúnaithe a fhorbairt tuilleadh.
Tá an Dréachtphlean ar fáil ag www.agriculture.gov.ie/customerservice/publicconsultations/
CRÍOCH
Date Released: 28 June 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
