There were 1,500 press releases posted in the last 24 hours and 398,344 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire Calleary roimh Chomhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-Thuarascáil Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta ar Straitéis Agraibhia 2030

Tá fáilte curtha ag Dara Calleary T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara roimh chomhairliúchán poiblí ar Dhréacht-Thuarascáil Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallacht do Straitéis Agraibhia 2030.

 

Maidir leis an gcomhairliúchán is éard a dúirt an tAire Calleary, 'Tá an-áthas orm go bhfuil comhairliúchán poiblí neamh-reachtach níos leithne ar bun ag mo Roinn, anuas ar an gcomhairliúchán leis na húdaráis timpeallachta ainmnithe, chun cuidiú le heolas a dhéanamh do scóip na tuarascála timpeallachta do Straitéis Agraibhia 2030".

 

Is príomhghné de gheilleagar, phobal agus chultúr na hÉireann í an earnáil agraibhia. Déantar easpórtáil chuig 175 tír ar a laghad ar fud an domhain agus cuireann sin go mór le próifíl agus cáil dhomhanda na hÉireann. Cuireann Straitéis 2030 leis na cláir a bhí ann roimpi; Fómhar Bia 2020 agus Food Wise 2025 le déanaí, an straitéis agraibhia atá ann faoi láthair, faoina gcuirtear straitéis ar fáil d'fhás níos cliste, níos glaise agus níos inbhuanaithe don tionscal.

 

Is éard atá i gceist le scóipeáil ná an próiseas ina ndéantar an réimse agus an leibhéal mionsonraí a chinneadh maidir le saincheisteanna timpeallachta atá le tabhairt ar aghaidh i Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta Straitéis Agraibhia 2030.

 

Ba chóir do chomhairlí a gcuid tuairimí ar na modhanna atá beartaithe, scóip agus réimsí fócais na Straitéise a chur ar aghaidh roimh an dáta deiridh an 8 Meán Fómhair.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá tús curtha leis an bpróiseas chun an chéad straitéis eile deich mbliana a thiocfaidh in áit Food Wise 2025, Mar chuid thábhachtach de Straitéis Agraibhia 2030 a fhorbairt, tá RSK Ireland Limited faighte ag an Roinn chun tuarascáil timpeallachta ar na tionchair mhóra is dócha a bheidh ar an timpeallacht mar chuirtear an Straitéis i bhfeidhm a ullmhú.

 

Cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le Treoir 2001/42/EC ón AE agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004 (IR 435 de 2004).

 

Sula ndéanfar cinneadh ar an scóip agus an leibhéal mionsonraí maidir leis an eolas atá le cur san áireamh sa tuarascáil timpeallachta, agus anuas ar dhul i mbun comhairle le húdaráis timpeallachta, táthar ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí neamh-reachtach níos leithne chun tuilleadh rannpháirtíochta a spreagadh i measc páirtithe leasmhara agus i measc an phobail ag an am céanna.

 

I gcomhréir le forálacha airteagal (11) de I.R. Uimh. 435/2004 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2014, éilítear ar an tuarascáil an t-eolas a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil go réasúnach a áireamh agus na nithe seo a ghlacadh san áireamh:

  1.  eolas reatha agus modhanna measúnachta,
  2.  na hábhair agus leibhéal mionsonraithe an phlean,
  3.  céim an phlean sa phróiseas déanta cinntí, agus
  4.  chomh mór is a dhéantar ábhair ar leith a mheasúnú níos cuí ag leibhéil éagsúla sa phróiseas déanta cinntí d'fhonn dúbláil na measúnachta timpeallachta a sheachaint.

 

Comhairliúchán Poiblí:

Is féidir aighneacht nó tuairim i scríbhinn maidir le scóip agus leibhéal na mionsonraí atá le háireamh sa tuarascáil timpeallachta a chur ar fáil chomh luath agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 8 Meán Fómhair 2020.

 

Is féidir teacht ar Dhréacht-Thuarascáil Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta ar líne ag: https://www.agriculture.gov.ie/agri-foodindustry/agri-foodandtheeconomy/agri-foodstrategyto2030/publicconsultation/

 

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 20 August 2020