There were 152 press releases posted in the last 24 hours and 397,002 in the last 365 days.

An Clár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (LAONNA) le hoscailt d'iarratais inniu

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí inniu go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ón lá inniu, Déardaoin an 12 Márta, ar an gClár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP (LAONNA)) do 2020.

 

Díreoidh BEEP (LAONNA), a bhfuil soláthar maoinithe €35m aige in 2020, ar éifeachtúlacht na mbó diúil agus ar laonna a bhaint den diúl - tomhaisfear meáchan beo an lao nuair a bheidh sé á bhaint den diúl mar chéatadán de mheáchan beo na bó. Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag sláinte agus leas ainmhithe i ndáil le héifeachtúlacht eacnamaíoch agus timpeallachta, tabharfar spreagadh do rannpháirtithe an chláir líon beart roghnach sláinte agus leasa a chur i bhfeidhm.

 

Má chuireann rannpháirtithe an chláir na gníomhartha éigeantacha agus roghnacha go léir atá ar fáil i gcrích, beidh siad incháilithe d'íocaíocht suas le €90 don chéad deich mbó dhiúil/péire laonna an tréad, agus suas le €80 an péire ina dhiaidh sin, faoi réir 100 péire an tréad go dtí uasmhéid fhoriomlán

 

“Cuireann an scéim seo le chomh maith is a d'éirigh le scéim phíolótach 2019 agus is ionann í agus an beart tacaíochta is déanaí atá curtha ar fáil agam d'fheirmeoirí mairteola le gairid", a deir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Michael Creed T.D..  Féachtar leis an gclár seo éifeachtúlacht eacnamaíoch agus timpeallachta i dtréad na mbó diúil a mhéadú trí fheabhas a chur ar mhéid agus ar chaighdeán na sonraí feidhmíochta atá bailithe, agus é mar aidhm leis tacú le dea-chleachtas agus cinnteoireacht níos feasaí ag leibhéal na feirme a ghlacadh."

 

Is iad seo a leanas gníomhartha an chláir:

  1. Gníomh maidir le meá éigeantach: €50 ar mheá maidir leis an gcéad deich mbó/lao an tréad (agus €40 ar mheá maidir le gach bó/lae ina dhiaidh sin), Tomhaiseann an gníomh seo an cóimheas i ndáil le meáchan an lao agus é ag diúl le meáchan máthartha, agus cuirfidh sin ar chumas feirmeoirí na ba diúil is éifeachtúlachta ó thaobh na heacnamíochta agus na timpeallachta de ina dtréada a aithint gan mhoill.
  2. Gníomh roghnach: €30 ar ghníomh leasa roghnach, agus beidh rogha ann idir clár vacsaínithe nó clár beathúcháin mine sula mbaintear den diúl na laonna. Cuirfidh an gníomh seo feabhas ar shláinte agus ar leas na mbó diúil nuair a bheidh siad le baint den diúl.
  3. Gníomh roghnach: €10 ar rogha breise - a bheith páirteach i gclár tástála ar líon na n-uibheacha sa bhfaecas. Tá an gníomh seo dírithe ar an leith uisce agus an leith chogansaí i mba diúil lánfhásta a rialú, d'fhonn sláinte agus leas na n-ainmhithe a fheabhsú.

 

Is féidir teacht ar Théarmaí agus ar Choinníollacha an chláir anseo ar https://www.agriculture.gov.ie/beep/

 

Ní mór iarratais a dhéanamh ar líne agus beifear ábalta iarratais a dhéanamh go dtí an 15 Bealtaine 2020

 

CRÍOCH

 

Date Released: 11 March 2020