There were 123 press releases posted in the last 24 hours and 399,777 in the last 365 days.

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mbun misean trádála chuig an Ailgéir agus an Éigipt

Beidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mbun misean trádála chuig an Ailgéir agus an Éigipt an tseachtain seo, in éineacht le toscaireacht a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar an tionscal déiríochta agus ar an earnáil onnmhairithe beostoic.

 

Tá acmhainneacht shuntasach ann chun onnmhairí agraibhia na hÉireann san Ailgéir agus san Éigipt a fhás amach anseo. Is iad cuspóirí an mhisin trádála ná dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na deiseanna atá ann don earnáil déiríochta agus don earnáil beostoic, feasacht a ardú ar Éirinn mar fhoinse do tháirgí bia sábháilte a tháirgtear go hinbhuanaithe, agus chun comhpháirtíochtaí straitéiseacha láidre a fhorbairt.

 

41 milliún duine atá ina gcónaí san Ailgéir, agus is tír í nach bhfuil ach 40% neamhspleách ó thaobh ábhar déiríochta de agus tá an t-éileamh atá ar cháis chéadair ag fás. B'ionann líon iomlán na n-onnmhairí chuig an Ailgéir in 2018 agus €52 milliún, onnmhairí déiríochta ba mhó a bhí i gceist, a bhfuil fás fíor-sciobtha tagtha orthu le cúpla bliain anuas. Margadh tábhachtach ionchasach í an Ailgéir maidir le honnmhairí beostoic. Beifear ag iarraidh na gcaidreamh atá idir soláthróirí as Éirinn agus allmhaireoirí na hAilgéire faoi láthair a fhorbairt agus ceangail nua a chruthú.

 

Tá 100 milliún duine ina gcónaí san Éigipt agus is tír í atá níos lú ná 75% neamhspleách ó thaobh ábhar déiríochta de. B'ionann líon iomlán na n-onnmhairí chuig an Éigipt agus €33 milliún in 2018, agus ba iad déiríocht agus bia mara an dá chatagóir thábhachtacha onnmhairithe a bhí i gceist. 

 

Beidh oifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mbun idirbheartaíochta le húdaráis inniúla na hAilgéire agus na hÉigipte araon, agus beidh sé mar aidhm acu tuilleadh feabhais a chur ar na téarmaí a bhaineann leis an teacht atá ag onnmhairí feola agus beostoic araon ar na margaí sin, chomh maith le deiseanna i ndáil le comhoibriú teicniúil a d'fhéadfadh a bheith ann a phlé.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bord Bia Tara McCarthy "De bharr chomh gar is atá Éire do réigiún Thuaisceart na hAfraice chomh maith leis an gcumas atá againn comhábhair déiríochta ar ardchaighdeán agus a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur ar fáil, is iontach an t-am é seo le cuairt a thabhairt ar na margaí príomhthábhachta seo san Ailgéir agus san Éigipt. Tá clár saincheaptha curtha i dtoll a chéile ag Bord Bia d'onnmhaireoirí na hÉireann fad is a bheidh siad san Ailgéir agus san Éigipt atá bunaithe ar léargais atá dírithe go beacht ar na deiseanna atá ann chun forás a choinneáil faoi onnmhairí bia agus dí na hÉireann. 

 

Is ar deiseanna gnó a uasmhéadú a bheifear dírithe le linn an mhisean trádála ceithre lá seo chomh maith leis an gcomhar idir lucht onnmhairithe na hÉireann agus sprioc-cheannaitheoirí san Ailgéir agus san Éigipt a chothú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí clár de 150 cruinniú gnó duine le duine idir ceannaitheoirí sainroghnaithe agus soláthróirí as Éirinn is fearr atá ábalta na riachtanais onnmhairithe atá acu a shásamh. Ina theannta sin, tríd an margadh a thaithí dóibh féin, is féidir leis na cuideachtaí Éireannacha atá imithe anonn tuiscint níos doimhne a fháil ar riachtanais an mhargaidh, ar an gcultúr gnó agus ar an timpeallacht trádála.

 

Beidh Córais Bia Inbhuanaithe Éireann (SFSI), comhar idir gníomhaireachtaí Stáit na hÉireann atá freagrach as an earnáil agraibhia a fhorbairt agus a rialú, páirteach sa mhisean trádála chomh maith. Cuireann an SFSI saineolas ó thaobh na hÉireann ar fáil i leith tionscadail idirnáisiúnta, agus is iad na cliaint nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann é a mhaoiniú. Tá ról ríthábhachtach aige i gcaidrimh níos leithne idir an Rialtas agus gnóthaí in go leor margaí a fhorbairt do tháirgí agraibhia na hÉireann.

 

Nóta d'eagarthóirí:

Clár

  1. Cathair na hAilgéire, Dé Domhnaigh an 2 Feabhra
  2. Dé Luain an 3 Feabhra

Cruinnithe idir Rialtais

Cruinnithe miondíola agus tionscail

Seimineár Déiríochta Bord Bia,

Cruinnithe le príomhionadaithe tionscail

  1. Dé Máirt an 4 Feabhra
  2. Dé Céadaoin an 5 Feabhra

Cathair na hAilgéire a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar Chaireo

Cruinnithe miondíola

Seimineár Déiríochta Bord Bia

Cruinnithe idir Rialtais

 

Is féidir tuilleadh eolais ar an Ailgéir agus ar an Éigipt a fháil ar https://www.agriculture.gov.ie/publications/2020/

 

Córais Bia Inbhuanaithe Éireann: www.sfsi.ie

 

CRÍOCH

Date Released: 01 February 2020