There were 1,676 press releases posted in the last 24 hours and 399,052 in the last 365 days.

Tús curtha ag an Aire Creed le Comhchomhairliúchán Poiblí maidir le chéad Straitéis Agraibhia eile na hÉireann agus Steps to Success 2019 seolta aige

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., tús inniu leis an gComhchomhairliúchán Poiblí maidir le chéad Straitéis Agraibhia eile na hÉireann oscailte inniu. 

Straitéis Agraibhia go dtí 2030

Is é Food Wise 2025 an straitéis reatha deich mbliana don earnáil agraibhia as sraith pleananna deich mbliana atá curtha i bhfeidhm ón mbliain 2000 i leith. Déantar iad a athnuachan gach cúig bliana agus tá tús curtha leis na hullmhúcháin don straitéis nua go dtí an bhliain 2030. Agus an comhchomhairliúchán poiblí á seoladh aige, dúirt an tAire Creed, “cé go raibh Food Wise ríthábhachtach chun creat a chur ar fáil d'fhás inbhuanaithe na hearnála, ar nós gach plean straitéiseach, ní mór dó forbairt agus freagairt do chúinsí a athraíonn go tapa”. Dúirt an tAire freisin “táimid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin nua, go háirithe an neamhchinnteacht atá ann go dtarlódh Breatimeacht gan mhargadh, chomh maith leis an ngá atá ann don earnáil cuidiú le cúrsaí gníomhaithe ar son na haeráide. Chomh maith leis sin tá deiseanna nua agus deiseanna eile ag teacht chun cinn don earnáil, sa bhithgheilleagar mar shampla”.

Beidh dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán poiblí a bheidh ar siúl go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019 – doiciméad comhairliúcháin phoiblí agus suirbhé ar líne. Chomh maith leis sin d'fhógair an tAire imeacht “Díospóireacht Oscailte Beartais” a reáchtálfar i Staid Aviva an 16 Deireadh Fómhair 2019.

Dúirt an tAire “cé go bhfuilimid ag tabhairt faoin bpróiseas beartais seo i gcomhthéacs ina bhfuil go leor athruithe agus neamhchinnteachta i gceist, maidir leis an mBreatimeacht agus athchóiriú a dhéanamh ar CAP mar shampla, is mar gheall ar an neamhchinnteacht sin a bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go dtiocfaimid le chéile chun plean stuama a chomhaontú don earnáil go dtí an bhliain 2030”.    

“Beidh sé ina gharsprioc mór don earnáil an chéad straitéis agraibhia eile a fhorbairt agus mholfainn do ghrúpaí agus do dhaoine aonair leasmhara cur leis an gcomhairliúchán poiblí. Seo deis chun cead cainte a bheith agat agus táim ag súil le hionchur gach duine”.

Steps to Success 2019

Chomh maith leis sin thapaigh an tAire an deis chun an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Food Wise 2025 dar teideal “Steps to Success 2019” a sheoladh.

Leagann Steps to Success 2019 béim ar an dul chun cinn a rinneadh sa cheathrú bliain d'fheidhmiú straitéis Food Wise 2025. Déanann an tAire Creed cathaoirleacht ar Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise (HLIC), le rannpháirtíocht ó oifigigh shinsearacha ó Ghníomhaireachtaí Stáit agus Ranna Rialtais ábhartha, a reáchtálann cruinnithe rialta le páirtithe leasmhara lena chinntiú gur próiseas beo agus fuinniúil atá i gceist maidir lena chur i bhfeidhm. Cuireann sé fóram ar fáil chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a athbhreithniú agus chun tuiscint a fháil ar na dúshláin shuntasacha atá ann, agus bhíothas dírithe le gairid ar chruinnithe maidir leis na dúshláin a bhaineann le dul i ngleic le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus leis an mBreatimeacht.

Dúirt an tAire, “Tá méadú 73% tagtha ar onnmhairí agraibhia ó 2009. Tríd an bpróiseas Food Wise ceadaítear do pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach go straitéiseach chun rath leanúnach an tionscail dhúchasaigh is tábhachtaí atá againn a chinntiú, ar ní é atá ríthábhachtach do gheilleagar na tíre agus do cheantair thuaithe agus ceantair cois farraige ach go háirithe. Leagtar amach i Steps to Success 2019 an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh i bhforbairt na hearnála, lena n-áirítear an obair forbartha margaidh leanúnach atá ar bun, trína ndéantar an réimse tíortha éagsúla a n-onnmhairímid táirgí agraibhia chucu a leathnú agus trínar osclaíodh an tIonad nua Bia Tomhaltais Réamhullmhaithe i mBaile an Ásaigh.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá an comhairliúchán seo ina chuid de shraith comhairliúchán mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt.

Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019.

Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas:

  1. Doiciméad comhairliúcháin phoiblí ina leagtar amach cúinsí agus ina gcuirtear roinnt ceisteanna. Ba chóir do fhreagróirí an 'fhoirm fhreagartha' a úsáid chun aighneachtaí a chur ar aghaidh maidir leis an doiciméad seo
  2. suirbhé ar líne ina bhfuil líon beag ceisteanna.

Nasc: https://www.surveymonkey.com/r/Agri-Food2030Consultation

Is féidir an foilseachán Steps to Success 2019 a fháil anseo ag https://www.agriculture.gov.ie/foodwise2025/foodwise2025-stepstosuccess2019/

 

 Agrifood Strategy Public Consultation

Agrifood Strategy Public Consultation

Agrifood Strategy Public Consultation

CRÍOCH

Date Released: 29 July 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.