Infheistíocht €3.4 milliún in 15 d'fhiontair dhobharshaothraithe fógartha ag Cowen
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen T.D., inniu infheistíocht nua €3.4 milliún i 15 fhiontar dobharshaothraithe, le Clár Oibríochta an Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na Roinne faoina gcuirtear deontais €1,282,277 ar fáil.
Dúirt an tAire Cowen, "Tá áthas orm €3.4 milliún d'infheistíocht a cheadú in 15 fhiontar dobharshaothraithe le €1.3 milliún i dtacaíocht ó Chlár EMFF mo Roinne. Tá na hinfheistíochtaí is déanaí seo dírithe ar bhorradh a chur faoi tháirgeacht ag láithreáin oisrí, diúilicíní agus bradán ar fud an chósta. Is ábhar dóchais é an muinín leanúnach sa todhchaí atá ag na fiontair dhobhshaothraithe uaillmhianacha seo a fheiceáil. Cé gur raibh na míonna beaga seo dúshlánach do go leor gnóthaí dobharshaothraithe, is í an treocht ghinearálta ná go bhfuil éileamh dár dtáirgí bia mara ag méadú ar fud an domhain."
Mar SMEnna, fuair an chuid is mó de ghnóthaí dobharshaothraithe deontais le haghaidh 40% de chostas a n-infheistíochtaí, fuair fiontar amháin nach raibh ina SME 30%, fuair iontrálaí nua san earnáil 50% agus fuair infheistíocht amháin i ndeimhniú orgánach 50% chomh maith. Tá na deontais cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach agus faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha.
Nóta d'Eagarthóirí:
Ghlac an Coimisiúin Eorpach le Clár Oibríochta EMFF 2014-2020 na hÉireann i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhí ann ag an am é i mí Eanáir 2016. Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.
Tá dhá scéim tacaíochta ar fáil don earnáil dobharshaothraithe d'fhonn cuidiú leo spriocanna an Phlean Straitéisigh Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe an Dobharshaothraithe a bhaint amach. Féachtar leis an bplean an méid a tháirgtear go hinbhuanaithe a mhéadú 45,000 tonna. Tacaíonn an Scéim um Dhobharshaothrú Inbhuanaithe le hinfheistíocht caipitil arna déanamh ag fiontair dobharshaothraithe cheadúnaithe d'fhonn táirgiúlacht a fhorás go hinbhuanaithe agus an tionchar atá ag an dobharshaothrú ar an timpeallacht a laghdú. Cuireann an Scéim um Thairseach Feasa an nuálaíocht, forbairt teicneolaíochta agus bainistiú galar san earnáil dobharshaothraithe chun cinn agus cuireann tacaíocht ar fáil ina leith.
Deontais ceadaithe - An Scéim um Dhobharshaothrú Inbhuanaithe
Tairbhí |
Áit |
Tionscadal |
Infheistíocht Iomlán |
Deontas EMFF |
Ráta |
Derrylea Holdings
|
Gaillimh
|
Deimhniú Orgánach ar Bhradán Feirme an Atlantaigh |
€7,500 |
€3,750 |
50% |
Sliogéisc Inisheane Teoranta
|
Dún na nGall
|
Acmhainneacht i ndáil le táirgeadh síolta |
€28,723 |
€11,489 |
40% |
Feirm Farraige Oileán Chliara Teoranta
|
Dún na nGall
|
Céim 3: Frámaí greille a shuiteáil agus Bád oibre Dobharshaothraithe a thógáil |
€761,595 |
€228,478
|
30% |
Glenn Hunter
|
Sligeach
|
Áis láimhseála oisrí a thógáil |
€68,747 |
€34,373
|
50% |
Ocean Farm Ltd
|
Dún na nGall
|
Céim 3: Uasghrádú ar theicneolaíocht feirmeoireachta bradán |
€1,261,663 |
€504,665 |
40% |
Skipper Shellfish Ltd |
Ciarraí |
Céim 2: Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
€25,876 |
€10,350 |
40% |
Northern Bay Oyster Ltd
|
Dún na nGall
|
Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
€29,670 |
€11,868
|
40% |
Mulroy Bay Mussels Ltd
|
Dún na nGall
|
Infheistíocht i dtrealamh nua láimhseála |
€75,900 |
€30,360
|
40% |
Killary Fjord Shellfish Ltd
|
Gaillimh
|
Feirm diúilicíní téada a uasghrádú go dtí córas leanúnach fadlíne |
€17,120 |
€6,848 |
40% |
Woodstown Bay Shellfish Ltd
|
Port Láirge
|
Céim 2: Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
€606,815 |
€242,726
|
40% |
Oceanic Organic Oysters Ltd
|
Dún na nGall
|
Céim 2: Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
€183,145 |
€73,258
|
40% |
Rosmoney Shellfish Ltd
|
Maigh Eo
|
Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
€124,980 |
€49,992 |
40% |
Seastream Ltd
|
Maigh Eo
|
Córas beathaithe brainlín a cheannach |
€60,000 |
€24,000 |
40% |
Rodeen Fish Farms Ltd
|
Corcaigh
|
Céim 3: Córas chun saothrú diúilicíní le téada leanúnach a thabhairt isteach |
€83,197 |
€33,278
|
40% |
Seal Harbour Enterprises Ltd
|
Corcaigh
|
Céim 3: Trealamh diúilicíní téada a uasghrádú |
€42,100 |
€16,840 |
40% |
Iomlán: |
|
|
€3,377,031 |
€1,282,277 |
|
CRÍOCH
Date Released: 01 July 2020